News

Bliain iontach ag an gCumann Gaelach! News: update

Posted On 16th May 2024
Posted By Cumann Gaelach
Author Brian Ronayne (Chairperson)

Bhí bliain thar a bheith rathúil ag an gCumann Gaelach i mbliana.

Bhí dhá imeacht seachtainiúil ar siúl acu, 'Tae agus Plé' agus 'Píotsa agus Plé'. Chomh maith leis sin, d'eagraigh siad ócáidí speisialta ar nós céilí, oíche shóisialta, tráth na gceist, traenáil don gcoiste i mBaile Átha Cliath turas go Cill Áirne d'Oireachtas na Samhna, aoichaint faoi Ghairmeacha le Gaeilge le Conradh na Gaeilge, oíche scannáin i gcomhpháirt le UL Film Society, ceardlainn do mhic léinn idirnáisiúnta i gcomhpháirt le UL Global agus go leor eile.

Bronnadh gradam 'Gníomhaí Gaeilge' ar Chumann Gaelach Ollscoil Luimnigh ar an 11ú Aibreán chun an obair a rinne an coiste i mbliana a aithint. Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas.

Ba bhreá leis an gcoiste buíochas a ghabhail le hAonad na Gaeilge as ucht an tacaíocht, agus le gach mac léinn a d'fhreastail ar na himeachtaí.

Create your account today

Explore everything that UL Wolves has to offer.

UL Wolves does not use any third-party cookies. We only use cookies required for the website to function. No personal data is shared outside of UL Wolves.

By continuing to use this site you are agreeing to the UL Wolves Privacy Policy