News

Gradam 'Gníomhaí Gaeilge' News: results

Posted On 16th May 2024
Posted By Cumann Gaelach
Author Brian Ronayne (Chairperson)

Bronnadh gradam 'Gníomhaí Gaeilge' ar Chumann Gaelach Ollscoil Luimnigh ar an 11ú Aibreán chun an obair a rinne an coiste i mbliana a aithint. Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas. 

Bhí bliain thar a bheith rathúil ag an gCumann agus dhá imeacht seachtainiúil ar siúl acu, 'Tae agus Plé' agus 'Píotsa agus Plé'. Chomh maith leis sin, d'eagraigh siad ócáidí speisialta ar nós céilí, oíche shóisialta agus tráth na gceist. 

Ba bhreá leis an gcoiste buíochas a ghabhail le hAbaigéal Ní Dhroma, céimí MA sa Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh, as a bheith ina meantóir don gcoiste, le hAonad na Gaeilge as ucht an tacaíocht, agus le gach mac léinn a d'fhreastail ar na himeachtaí.

Create your account today

Explore everything that UL Wolves has to offer.

UL Wolves does not use any third-party cookies. We only use cookies required for the website to function. No personal data is shared outside of UL Wolves.

By continuing to use this site you are agreeing to the UL Wolves Privacy Policy