News

Seimeastar den Scoth! News: update

Posted On 14th Dec 2023
Posted By Cumann Gaelach
Author Brian Ronayne (Chairperson)


Seimeastar den scoth!

Bhí seimeastar den scoth ag an gCumann Gaelach in Ollscoil Luimnigh an téarma seo. Bhíodh dhá imeacht ar siúl in aghaidh na seachtaine. Bhí an-rath ar Tae agus Plé chomh maith le Píotsa agus Plé a bhíodh ar siúl gach Máirt agus Céadaoin idir a 1 agus a 2 i Seomra na Gaeilge. Bhain mic léinn na Gaeilge agus mic léinn idirnáisiúnta taitneamh is tairbhe astu agus ba dheas an deis iad an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt lena chéile. Anuais air sin, d’eagraíomar turas go dtí an Oireachtas i gCill Áirne a bhí thar a bheith taitneamhach, ceardlann do mhic léinn idirnáisiúnta, Oíche Chluichí Boird agus céilí freisin.

Buíochas le coiste an chumainn: Brian, Sarah, Atene, Melissa, Katie, Liam agus Jack, as ucht an obair a rinne siad. Ár mbuíochas le hAonad na Gaeilge agus le Ciara Considine a chuir Seomra na Gaeilge ar fáil dúinn.

Táimid ag tnúth go mór le Seimeastar 2!

Create your account today

Explore everything that UL Wolves has to offer.

UL Wolves does not use any third-party cookies. We only use cookies required for the website to function. No personal data is shared outside of UL Wolves.

By continuing to use this site you are agreeing to the UL Wolves Privacy Policy